Ceolchoirm na Nollag

Dec 18, 2024

Bhí halla na scoile plódaithe tráthnóna agus Ceolchoirm na Nollag ar an stáitse. Bhí spiorad iontach na Nollag le brath, le ceol binn ón mbanna ceoil, carúil agus amhráin Nollaig ó na ranganna go léir agus Scéal na Nollag curtha i láthair go spraiúil ag gasúir ón dá rang Naíonáin Shinsearacha. Táimid chomh bródúil as ár ngasúir iontacha agus an talann den chéad scoth atá sa scoil. Dia go deo libh a ghasúir. Ag guí Nollaig mhór mhaith oraibh go léir.