Ceiliúradh an Chéad Chomaoineach 20-05-23

May 20, 2023 | Nuacht Ginearálta, Rang a 2 Ciara, Rang a 2 Hannah

Comhghairdeachas ollmhór le gasúir as an dá Rang a 2 a ghlac lena gCéad Chomaoineach Naofa inniu. Bhí an searmanas go hálainn ar fad agus bhíodar ullmhaithe go hiontach ag a gcuid múinteoirí. D’eagraigh Cairde na Scoile cóisir do chuile pháiste ón dá Rang a 2 agus a gcuid clainn ar ais ar scoil agus is léir ó na griangraif thíos go raibh am iontach ag gach duine. Go raibh míle maith agaibh a Chairde na Scoile.