Ceardlann Rothaíochta do Ranganna 4 10-05-23

May 10, 2023

Bhain gasúir as an dá Rang a 4 sult as ceardlann rothaíochta ar scoil inniu le Rachel ó Green Schools. Is iontach an deis a chuirtear ar fáil dóibh scileanna a chleachtadh amuigh ar an gclós. Inniu d’fhoghlaim siad cé chaoi féachaint taobh thiar, cé chaoi comhartha a thabhairt, cé chaoi stopadh go sábháilte, cé chaoi casadh agus go leor scileanna eile.

Beidh seachtain rothaíochta againn an tseachtain seo chugainn agus seo a leanas imeachtaí seachtain rothaíochta ag Fingal.

https://www.fingal.ie/activetravel/bikeweek