Cártaí Nollaig Meals on Wheels

Dec 11, 2024

Bhí gasúir as Ranganna 3 go 6 gnóthach agus lán sásta cártaí Nollaig a dhéanamh do seandaoine sa gceantar a fhaigheann Meals on Wheels. Tháinig Janet agus Niall chun na scoile chun an slám mór cártaí lámhdhéanta ag gasúir na scoile a bhailiú agus bhí Orla as Cairde na Scoile i láthair freisin. Is í Orla a chur tús leis an nós álainn seo anuraidh agus táimid thar a bheith sásta bheith in ann gliondar croí a chur ar sheandaoine sa gceantar an Nollag seo. Dia go deo libh a pháistí.