Cairde na Scoile, Dráma R3

Mar 2, 2026

Bhíomar ríméadach bheith i láthair ag cleachtadh dráma R3 Cairde na Scoile sa halla inniu. Tá fadhb againn… tá poll i ndíon na scoile agus is gá do na páistí airgead a bhailiú chun é a dheisiú. Dráma lán greann is aisteoireacht den chéad scoth. Bhaineamar fíor sult as. Guíonn muid chuile rath orthu amárach agus moltóir ag teacht don chéad babhta agus iad ag glacadh páirte sa bhFéile Scoildrámaíochta. Dia go deo libh a ghasúir agus go n-éirí go geal libh! Beidh sibh ag na hOscair amach anseo fós!