Buaiteoirí Seachtain na Mata & Ceiliúradh na cailíní

Oct 21, 2026

Bhí tionól mór againn sa halla ar maidin áit ar déanadh ceiliúradh ar fhoireann buacach na cailíní, a ghrú Corn Pat Fogerty sa gcluiche ceannais de chuid Cumann na mBunscol i bPáirc an Chrócaigh inné. Bhí ceiliúradh, amhráin agus damhsa againn chomh maith le cúpla focail ó na cailíní iad féin. Coinnigh súil amach ar Nuacht Cúla4 ag 17:30 tráthnóna go bhfeicfidh sibh a thuilleadh aicsean ón lá inné. Dia go deo libh a ghasúir.

Ansin roghnaíodh buaiteoirí comórtaisí Seachtain na Mata (a bhí ar siúl sa scoil an tseachtain seo caite) againn agus bhíodar ríméadach lena duaiseanna deasa. Déanadh ceiliúradh ar na gasúir a ghrú trófaí, bonn, corn nó teastas, bronnadh teastais Gaeilgeoirí na Seachtaine agus rinneamar ceiliúradh ar na breithlaethanta. Tús álainn spleodrach leis an lá. Táimid sona sásta ar scoil.