Bhí sceitimíní ar pháistí na scoile nuair a thagann veain Team Hope chun na scoile chun na boscaí áille a bhí réitithe acu a bhailiú. Táimid chomh buíoch daoibh uilig as ucht páirt a ghlac sa bhfeachtas iontach seo https://www.teamhope.ie/christmas-shoebox-appeal/
Beidh gliondar croí ar na gasúir a bhéas ag fáil bronntanas fíor speisialta i mbliana. D’imigh 193 bosca ón scoil inniu. Go raibh míle maith agaibh, tá sibh chomh fial, flaithiúil is cineálta. Seo spiorad álainn Nollaig.