Boscaí Nollaig Team Hope 11-11-12

Nov 11, 2022

Tháinig veain ó Team Hope ar scoil inniu chun na boscaí Nollaig a bhailiú mar chuid den charthanacht bliantiúil a bhíonn ar siúl acu. Mar is gnáth bhí pobal GSBB fial flaithiúil agus bhí gliondar ar aghaidheanna na ngasúir agus iad ag déanamh a bealach lena gcuid boscaí lán féiríní deasa. Táimid thar a bheith bródúil as gasúir na scoile agus a gcuid tuismitheoirí / caomhnóirí as a gcuid flaithiúlachta. Maith sibh uilig.

Is féidir a thuilleadh a léamh faoin togra seo ag an nasc seo https://www.teamhope.ie/christmas-shoebox-appeal/

Is féidir a thuilleadh griangraif a fheiceáil sa Ghailearaí nó anseo.