Bleaist Eolaíochta

Mar 6, 2025

Táimid chomh bródúil as ár ngasúir iontacha ón dá Rang a 4 agus an dá Rang a 5 a rinne a gcuid tionscnaimh a chur i láthair ag an mBleaist Eolaíochta san RDS inniu. Bhí na moltóirí thar a bheith tógtha leis an obair dhian eolaíoch a chur siad isteach sna tionscnaimh agus bhí lá den chéad scoth againn go léir. Táimid sásta a rá go bhfuil todhchaí na heolaíochta sábháilte lenár n-eolaithe óga. Dia go deo libh a ghasúir.