Biongó, Ceoldráma & Tráth na gCeist

Mar 11, 2025

Bhí alán gníomhaíochtaí againn ar scoil inniu agus muid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge. Bhí Biongó ar siúl in halla na scoile do na bunranganna, thug an dá R5 cuairt ar Choláiste Ghlór na Mara chun sult a bhaint as ceoldráma na hIdirbhliana Draoi Oz agus bhí Tráth na gCeist ar siúl níos déanaí do na hardranganna. Bhain gach duine fíor sult as na himeachtaí go léir agus bhí duaiseanna áille curtha ar fáil chomh maith. Dia go deo libh a ghasúir. Is breá linn an Ghaeilge!