Banna Ceoil in Club Fine Ghalainn 16-03-23

Mar 16, 2023

Bhí tús ceolmhar ag banna ceoil na scoile agus iad ag seinm ag an Memory Café in Club Fine Ghalainn ar maidin. Bhí siad thar barr ar fad agus ní hamháin go raibh siad ag seinm ceoil, bhí siad ag damhsa chomh maith. Bhíomar chomh sásta an cuireadh a fháil agus beimid ag súil le filleadh am éigin amach anseo. Is léir gur bhain an lucht féachána sult is sásamh as an siamsaíocht. Táimid ar fad chomh bródúil as ár ngasúir iontacha ar fad. Ar aghaidh linn le chéile! Beannachtaí na Féile Phádraig oraibh go léir.

Griangraif thíos anseo agus sa Ghailearaí freisin.