Banna Ceoil in Club Fhine Ghallainn

Mar 21, 2024

Bhí ríméad an domhain orainn nuair a fuaireamar cuireadh arís i mbliana seinm ag an Memory Café i gClub Fhine Ghallainn ar maidin. Bhí lá den chéad scoth againn. Sheinn banna ceoil na scoile go binn agus bhí damhsóirí ó Rang 1 linn chomh maith. Dhamhsaigh roinnt de na ngasúir ón mbanna ceoil freisin. Rinneamar ar fad Ballaí Luimnigh a dhamhsa sular chríochnaigh an seisiúin siamsaíochta leis an mbanna ceoil ag casadh ár nAmhrán Náisiúinta Amhrán na bhFiann.

Táimid thar a bheith bródúil as ár bpáistí iontacha atá lán talann. Táimid buíoch do na múinteoirí a thacaíonn leo go laethúil, táimid buíoch do Trudy as an gcuireadh agus buíoch do chuile dhuine i gClub Fhine Ghallainn a chur fáilte ollmhór romhainn agus a chur sóláistí ar fáil dúinn go léir. Nár laga Dia sibh.