Banna Ceoil & Damhsóirí in aicsean do SnaG

Mar 9, 2026

Bhí ríméad orainn fáilte a chur roimh Ranganna Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra as SETNS inniu chuig halla na scoile, áit ar sheinm banna ceoil na scoile go ceolmhar dóibh. Chuir damhsóirí as rang damhsa Gaelach Niamh Ní Uaithne a gcuid steipeanna i láthair go hiontach agus thug damhsóirí ó Rang 6 sár taispeántais freisin. Táimid chomh bróduil as an talann ar fad atá sa scoil agus as an muinín atá ag ár ngasúir óga seó mar seo a chur i láthair. Dia go deo libh agus Hup scoil s’gainne. Ba léir gur bhain ár gcuairteoirí speisialta fíor sult as. Ar aghaidh linn go Gaelach le chéile.