Balúin & Fuinneoga Seachtain na Gaeilge

Mar 6, 2024

Táimid chomh sásta lena áirse balúin ghlasa a tháinig chun na scoile ar maidin ó Dónal ag Barry’s Balloons. Tá imeachtaí Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil agus bhí áthas is gliondar ar na gasúir ag damhsa isteach faoin áirse balúin leis an gceol deas Gaelach a bhí ar siúl againn.

Tá an múinteoir Tara agus gasúir na scoile ag déanamh sár jhab ag péinteáil na fuinneoga chomh maith.

Is aoibhinn beatha an scoláire! (seanfhocal an lae)

https://barryballoons.ie/