An Lampa Staire, Dráma R3

Mar 5, 2024

Bhí muid ríméadach dráma de chuile Rang a 3 a fheiceáil in halla na scoile inniu. An Lampa Staire is ainm don dráma i mbliana agus rinne na múinteoirí Ana, Ailín agus Aodán sár jhab leis an léiriú; an damhsa agus na cleachtaithe go léir. Bhí na gasúir thar barr ar stáitse agus níl dabht ar bith faoi ach go mbeidh léiriú eile dochreidte acu in Amharclann Clasach mar chuid d’fhéile Choirm ar an Déardaoin beag seo. Dia go deo libh a ghasúir agus nár laga Dia bhur gcuid scileanna aisteoireachta.