Bhí lá eile gnóthach againn ar scoil inniu agus muid ag leanúint leis na ceiliúradh do chuid Seachtain na Gaeilge. Rinne an dá Rang a 3 léiriú den dráma An Fear Feasa ag an tionól. Bhí sé thar barr idir aisteoireacht, greann is ceoil agus guímid chuile rath orthu ag iad ar an stáitse mar chuid den fhéile Coirm i dTamhlacht an Aoine beag seo.
Bhí an dá R6 gnóthach agus iad páirteach le Foireann Dream Space don imeacht fíorúil spreagúil BEO a cheiliúrann Seachtain na Gaeilge trí chódú agus dearadh cluiche as Gaeilge!
Bhí céilí againn ar an gclós níos déanaí sa ló agus bhí na gasúir iontach lena gcuid céimeanna leis an Dreoilín agus Ballaí Luimnigh.
Dia go deo libh a ghasúir. Mol an óige agus tiocfaidh sí! Tír gan teanga, tír gan anam.
