Bhí sceitimíní ar gach duine inniu agus togha is rogha de bhia the tagtha isteach ag na páistí don chéad lá. Bhain gach duine fíor sult as bianna éagsúla a bhlaiseadh agus bhí alán ordóga suas le feiceáil agus rudaí iontacha dearfacha le rá ag na gasúir. Neam neam, táimid ag súil lenár lóin the arís amárach.
Táimid buíoch as tuismitheoirí na scoile a tháinig isteach chun chuile shórt a eagrú dúinn. Dia go deo libh.
