Tá an chéad Aoine den scoilbhlian buailte orainn agus tá an ghrian ag soilsiú go hard. Chuir Pádraig fáilte ollmhór ar ais roimh gach duine agus go háirithe lenár naíonáin nua ag ár gcéad tionól den scoilbhlian. Rinneamar ceiliúradh ar bhreithlaethanta agus ar na coirn, boinn, trofaí, teastais srl a ghrú gasúir na scoile rith an tSamhraidh. Ghuigh Pádraig chuile rath orainn go léir don scoilbhlian seo.
Mar a fheiceann sibh tá na Naíonáin nua sona sásta ar scoil, ag spraoi ar an gclós agus tá siad go léir mór le chéile sna ranganna freisin. Tá muid chomh bródúil as ár ngasúir iontacha ar fad.
Bíodh deireadh seachtaine álainn ag gach duine agus bainigí fíor sult as an aimsir ghrianmhar.
