Áit Nua Spraoi Eanáir 24

Jan 8, 2024

Fáilte ar ais chuile dhuine agus athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh go léir.

Bhí sé chomh deas na gasúir a fheiceáil ag teacht ar scoil go sona sásta inniu. Bhí sceitimíní orthu nuair a chonaic siad an dromchla nua spraoi a fuair an scoil thar na Nollag. Is léir ó na griangraif go bhfuil siad an-sásta leis an tógra nua seo.