Ag déanamh Pancóga

Feb 13, 2026

Fág an bealach Jamie Oliver! Tá a n-oiread cócairí óga againn in GBB agus is iad a líon foirgneamh na scoile le boladh álainn milis inniu agus iad ag déanamh a gcuid pancóga féin sna ranganna. Cé go bhfuil muid cúpla lá luath do Máirt na hInide thapaigh muid an deis oideas a chur os comhair ár gcócairí óga agus iad a spreagadh chun a fuidreamh féin a dhéanamh. Bhain na gasúir fíor sult as a gcuid pancóga féin a dhéanamh agus iad a mhaiseadh le him, torthaí, líomóid, anlann seacláide, uachtar, siúcra is síoróip mhailpe. Tá an cleachtadh déanta anois so ar aghaidh libh a chócáirí óga agus déanaigí sa mbaile iad an Mháirt seo chugainn, Máirt na hInide (4unsa plúr, 1 ubh, 1/2 pionta bainne). Neam neam!