Ag ceiliúradh Seachtain an Chairdis

Jan 31, 2024

Bhailigh pobal na scoile sa halla a bhí maisithe go hálainn le obair ealaíne na bpáistí a rinneadar mar chuid de Cheiliúradh Seachtain an Chairdis.

Rinneamar ceiliúradh ar an gcairdeas agus bhí alán smaointe ag an gCoiste Chineáltais agus ag na gasúir féin maidir le tábhacht an chairdis. Mar a deir an seanfhocal Is fearr cairde ná ór.

Chan pobal na scoile an t-amhrán “Is tusa mo chara buan”; chan na naíonáin a gcuid amhrán féin agus bronnadh duaiseanna Gaisce na Gaeilge do mhí Eanáir.