Ag ceiliúradh an Samhain ar scoil

Oct 27, 2023

Bhí lá den chéad scoth againn inniu ar scoil agus muid ag ceiliúradh an Samhain. Thosaigh an lá amach le Siúlóid na Samhna, bhí ceol draíochtúil ar siúl agus na gasúir ag déanamh a bealach isteach agus iad gléasta go hiontach don cheiliúradh. Bhí gníomhaíochtaí deasa, tráth na gceist, cluichí, spórt is spraoi sna ranganna agus bhí Dioscó ann sa halla lenár DJ fíor speisialta. Táimid thar a bheith buíoch as ucht an obair a rinne Cairde na Scoile ag ullmhú an halla le maisiúcháin agus ag réiteach mála goodies do chuile pháiste (Rang a 6 ag cabhrú freisin). Táimid buíoch do Charlie an DJ agus dá chara a chur go mór leis an ócáid speisialta seo. Tá neart griangraif le feiceáil sa Ghailearaí nó brú anseo.

Idir an dá linn ag guí Samhain sona sláintiúil oraibh go léir agus beimid ag súil fáilte a chur roimh na gasúir ag filleadh ar an Luan, an 6ú Samhain.