Bhí lá den chéad scoth againn ar scoil inniu agus muid ag ceiliúradh 25bliana do GSBB. B’é inniu lá na bpáistí agus bhí cóisir den chéad scoth acu le caisleáin preabtha, spórt is spraoi, photobooth, bia blasta, gráin rósta is slush puppies. B’é inniu an dara lá do cheiliúradh an ócáid stairiúil seo. Bhí cóisir álainn ag na daoine fásta aréir agus nach orainn a bhí an t-ádh leis an deá aimsir le dhá lá anuas. Bhí sé chomh álainn na hiarscoláirí, iarmhúinteoirí agus iarthuismitheoirí a fháiltiú aréir. Ach b’é inniu lá na bpáistí agus bhíodar chomh sona. Muide freisin.
Tá ár gcroíthe lán ag ceiliúradh an mórocáid seo. Bhí an dá ócáid níos fearr ná mar a bhíomar ag súil agus tá buíochas ollmhór ag dul chuig Sandra, Deirdre agus baill uilig Chairde na Scoile as an sár obair atá déanta acu ag eagrú chuile shórt. Tá obair na gcapall déanta ag foireann uile na scoile ag fáil réidh do na hocáidí seo agus bhí an scoil maisithe go snasta acu agus ag gasúir na scoile. Breathnaigh ar an ealaín sa ngailearaí nó anseo https://www.gsbb.ie/project/ealain-na-ngasuir-ceiliuradh-25-bliana/.
Ach tráthnóna is leis na daoine beaga an lá seo. Tá muid buíoch agus bródúil as na gasúir iontacha seo gach uile lá. Dia go deo libh a ghasúir agus le pobal uile GSBB. Ar aghaidh linn le chéile.
