Ag bácáil arán donn in Rang a 5 Niamh

Jan 30, 2025

Bhain na gasúir in Rang a 5 Niamh sult as a gcuid arán donn féin a dhéanamh sa rang inniu. Bhíodar thar barr ag tomhais amach na comhábhair, ag leanacht an oideas agus ag comhoibriú le chéile. Bhí boladh breá den bhácáil le fáil tríd na scoile go léir agus bhí toradh a gcuid saothair blasta álainn. Thug duine do na páistí subh baile déanta isteach chomh maith agus bhí chuile dhuine ríméadach sona. Nach iontach an deo an múinteoir ranga ag tabhairt an deis iontach seo do na páistí a gcuid scileanna bácála a chleachtadh ar scoil. Go raibh maith agat Niamh.