
Brat Glas Uimhir 10 don tSaoránacht Dhomhanda – Bia & Bithéagsúlacht
D’fhreastail Niamh agus Máire ón gCoiste Ghlas ar cheiliúradh na mBratach Glas inniu san Fairways Hotel, Droichead Átha, áit ar bronnadh an deichiú Brat Glas ar Ghaelscoil Bhrian Bóroimhe. Bhí beirt ionadaithe ón gCoiste Ghlas atá in Rang 6 in éineacht leo agus rinne siad ionadaíocht den scoth ar son na scoile.
Bronnadh an bratach nua ar an scoil, don téama Saoránachta Domhanda – Bia agus Bithéagsúlacht.
Bhí na gasúir thar barr, agus bhí bród orainn go léir iad a fheiceáil ag seasamh go muiníneach ar son na scoile.
Le linn an lae, chualadar faoi thionscadail iontacha ó scoileanna eile agus bhailíodar neart smaointe don todhchaí — ó bhia inbhuanaithe go gairdínú, ó laghdú dramhaíola go tionscadail bithéagsúlachta. Comhghairdeas ó chroí le gach duine a bhí páirteach sa turas agus san obair leanúnach. Is mór an éacht é 10 mbratach ghlas — agus táimid fós ag fás, ag foghlaim agus ag smaoineamh níos glaise gach lá. A thuilleadh eolas faoin obair a bhíonn ar siúl ag an gCoiste Ghlas anseo.
